Scoil: Loch an Iubhair (uimhir rolla 16829)

Suíomh:
Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Giolla Bhrighde
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 381

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 381

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loch an Iubhair
  2. XML Leathanach 381
  3. XML “Eachtra Chlann Rí na hIoruaidhe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Seal ‘mo shean-chailligh,
    Agus ní de na mnáibh is measa mé.”
    Thug sí léim ar shiubhal agus chuaidh sí sa churach arais. D’imthigh sí léithe amach chun na fairrge agus an t-slat gheal ‘na láimh aice agus í ag caitheamh dhá ubhal dhéarg roimhpí go dteachaidh sí amach as amharc ins an fhairrge. Phill sé chun na bhaile annsin agus tháinic sé isteach go teach a athara. Shuidh sé síos i gcathaoir mhór dhá láimh a bhí ann agus rinne sé osna. Níor fhan a’n chnaipe ar a chorp nár réab, agus níor fhan a’n rungsa sa chathaoir nár phléasc fa dtaobh de. Thuit sé síos fríd an chathaoir. Chualaidh a athair an tuaim a rinne sé. D’éirigh sé aníos ‘fhad leis.
    “Is cosamhail d’osna le h-osna mac ríogh fá gheasaibh.” “Sílim gur sin é a athair.” “Goidé a tháinic ort?” ars’n t-athair. D’innis sé dó goidé mar tháinic an bhean ‘fhad leis, agus mar chuir sí faoi gheasaibh é, agus mar d’imthigh sí chun na fairrge arais. “Ó!” ars’n t-athair, “ná bíodh buaidhreadh ar bith ort. Cuirfimid an cabhlach amach i mbárach, agus má tá sí le fagháil gheobhthar í.”
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Proinnsias Óg Mac Grianna
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Proinnsias Mac Grianna
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall