Scoil: Loch an Iubhair (uimhir rolla 16829)

Suíomh:
Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Giolla Bhrighde
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 425

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 425

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loch an Iubhair
  2. XML Leathanach 425
  3. XML “Mar Fuair Croich Uí Bhaoill a Ainm”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    “Mar fuair Croich-Uí Bhaoighill A Ainm”
    Fad ó shoin bhí baintreabach mna na comhnuidhe san t-sliabh ar an taoibh seo de’n Chlochán Liath agus ní rabh aicí ach aon mhac amháin. Bhí streachailt chruaidh aca bheith beo agus bhí an mháthair claoidhthe go bréagh no fuair sí anrógh ó fuair a fear bás agus mar sin do ba bheag an rud nach ngoilleadh uirthí mar dubhairt an sean fhocal :- “Bhí sí go claoidhthe le ean í mbarrach”. Bhí go maith agus ní rabh go h-olc go dtí gur bhuail noiséan na mban an mach agus mar bharr an Donas ní dheanadh a dath maith do acht a ghabhail go “Connachta” fa choinne mna. B’eigin don bhaintreabhach bocht cur suas leis agus theacht leis an t-saoghal mar tháinig sé léithe. Bhí go maith posadh an lanamháin agus thug sé leis na bhaile í ar an droch uair do fhein agus do na shean-creatúr máchara. Ní rabh an bhean óg I bhfad i gcuidheachta na sean [mhna]? go dtí gur eirigh an racán, agus as ag an t-sean mhnaoi a bhí an chuid is measa do
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraic Ua Rabhartaigh
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Maighread Ní Cnáimhsighe
    Inscne
    Baineann
    Aois
    70
    Gairm bheatha
    Pinsinéir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Mín Doire na Slua, Co. Dhún na nGall