Scoil: Loch an Iubhair (uimhir rolla 16829)
- Suíomh:
- Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraic Mac Giolla Bhríghde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus thug sí an fainne duithe.
Tamall na dhiaidh sin bhí madadh an cuil báin agus an gasúr seo amuigh ag iasgaireacht. Agus arsa an gasúr leis “d’innseochainn rud éiginteacht duith a chuirfead iongantas ort da dtabharfa do lám domh nach muirfea mé.
Thug madadh an chuil bhain a lám do. “Bal arsa an gasúr “bíonn bean bocht na luighe agat achan oidhche acht ní mhotuigeann tusa í. Bíonn sí ag cainnt leat achan oidhche agus nuair a thigeann tú isteach bíonn sí na suidhe tíos i gclúd-na-monadh.
Acht bhéireann an bhainriogain deora codlata duit achan oidhche le do deoch. Acht nuair a gheobhas tú do dheoch annocht caith síos i’n do bhuatais é agus béidh geall go mothuigheocaidh tú í ag cainnt leat”. “Acht go bé go dtug mé mo lamh duit muirfinn tú arsa madadh an chuil bhain”.
Nuair a tháinig madad an chúil bhain isteach damharc sé siar i gclúd na mónadh agus chonnaic sé í agus bhíos aige gur a bhean féin a bhí ann. Fuair sé a dheoch agus caith sé síos i n-a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siubhán Ní Gallchobair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Róise Ní Gallchobair
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall