Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)686. Ní thabhairfidh sé a dhath ‘n-a cille leis.
687. Is beag an ghaoth nach lúbann tráithnín.
688. Is fearr fuigheall ná easbhaidh.
689. Éanacha aon-chleite ag eiteall i n-aoineacht.
690. Tháinic sé isteach ar fud chlár as fuinneóg agus theich sé eadar cleith as ursain.
691. Ní scéal scéil mo scéal-sa.
692. Mothuighim an boladh
Ach ní bhlasaim an biadh;
An té ghnídheas an leithcheall
Ní fheicfidh sé Dia
693. Má tá tú bodhar ní’l tú balbh
694. Is measa an scannrughadh ná an gortughadh.
695. Níor cuireadh ceist orm an raibh béal orm.
696. Leig mé amach é mar thainic sé isteach
697. Bailc dheireadh earraigh agus teas déireadh samhraidh
698. Ní’l dlígheadh ar an riachtanas.
699. Tá sé ‘n-a shuidhe go teith.
700. Chuaidh sé bealach an gharraidh
701. Ní’l briseadh laetheach ar bith orainn
702. Cá dtabhairfinn iasacht mo ghoile air.
703. Scallfadh sí le huisce fuar thú.