Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Chladaigh
- XML Leathanach 265
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal
“Bhí fear na chomhnuidhe ar an Bhealtaine Bheag fada ó shoin a rabh Séamus 'Ac Fhionnghaile mar ains air.”
Sean Sgeal.Bhí fear na chomhnuidhe ar an Bhealtaine Bheag fada ó shoin a rabh Séamus 'Ac Fhionnghaile mar ains air. Bhí sé iongantach bocht, agus ní rabh aige acht beathach bán. Mharbhuigh sé an beathach lá agus chongbhuigh sé an craiceann agus na cruidhtheacha. Fuair sé claidheamh deánta amach as na cruidhtheacha, agus sgríobh sé uirthí “Seamus Mac Fhionnghaile, céad marbh le gach buille.
Chuir sé air an craiceann agus chroch sé an claidheamh le na thaobh agus d’imthigh sé go dtí an cuan, an áit a rabh soitheach réidh le h-imtheacht. Thug sé léim ar bórd agus chuir sé amach putógai ‘ach fear dá rabh ar an bhád.
Tugadh go dtí oileán i bfad ó bhaile é, agus nuair a chuaidh sé adtír ní rabh teach nó cró le feiceál aige, acht solus beag a bhí i bfad uaidh. Nuair a tháinig sé fhad leis an t-solus, caidé bhí ann acht teach rígh.
Bhuail sé ar an doras agus tháinig cailín amach agus chuir sí ceist air caidé bhí sé iarraidh. Dubhairt seisean(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall