Scoil: Oileán Toraighe (uimhir rolla 5164)
- Suíomh:
- Toraigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Oileán Toraighe
- XML Leathanach 319
- XML “An Bhó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhíonn bean ag blighe bó cor uair tugann an bhó buille de na chos díthe, agus nuair a thugann sí buille de na chos dithe deireann sí dris croidheóg. Bíonn an bhó istoigh i dteach agus sé an t-ainm a tugtar air boitheach. Bíonn stáca san bhoitheach fá choinne an bhó a cheangailt air. Ar adharca na bó a bhíos an rópa ceangailte. Bíonn uisge coisreagtha i mboitheach na mbó fa choinne rath a bheith ar an eallach. Nuair a bhriseas an bhó an téad imthigheann sí agus nuair a bhéas duine ag sgartigh ar an bhó agus sé an rud a dheireann sé léithe. Te croidheóg agus annsin seasann sí.
Oidhche fhéile brighde déantar easg cochain agus cuirtear an mhuinéal na gamhna é fa choinne rath a bheith ortha. Nuair a bhíos gamhain ar téad agus é an téad a bhriseadh agus nuair a bhíos duine ag sgairtigh air sé an rud a deirtear leis: sugaidhe.- Bailitheoir
- Gráinne Ní Chearbhaill
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Cearbhaill
- Inscne
- Fireann