Scoil: Oileán Toraighe (uimhir rolla 5164)
- Suíomh:
- Toraigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí rígh ann uair amhain agus bhí inghean aige agus dubhairt sí nach bposfhadh sí fear a bith acht an fear a bhéadh ábalta an choillidh a leagan. D'fhéach achan fhear leis an choillidh a leagan agus sháruigh sé ortha. Bhí fear ann agus bhí triúr mac aige agus d'iarr sé ar an fhear a bá shine a dhul go bhfeicfeadh sé. Chuaidh, acht sháruigh sé air. Annsin chuaidh an dara mac agus sháruigh sé air. Bhí an tríomhadh mac breoite agus dubhairt sé go rachadh sé féin agus chuaidh an mhuinntir eile a mhagadh air agus thug a athar lón dó agus thug sé buideál fíona dó agus d'imthigh leis, nuair a bhí sé ag tarraingt ar an choillidh casadh fear beag air agus cóta glas agus bearrad dearg air, agus dubhairt sé leis dá mbeadh dhath ar bith de fhuighealach aige é a thabhairt dó-san. Chan sin mar bhéas arsa an fear eile acht bheirfidh mé a leath duit. Shuidh an bheirt agus dith siad an t-iomlán.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Éamonn Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann