Scoil: Oileán Toraighe (uimhir rolla 5164)
- Suíomh:
- Toraigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Oileán Toraighe
- XML Leathanach 333
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán
“B'fhaitcheach liom féin a bheith ar thaoibh mhalaidh sléibhe”
Amhran1
B'fhaitceach liom féin a bheith ar thaoibh mhalaidh sléibhe
Agus an cailín gaedhealach a bheith in mo chomhair
Bhéinn da bréagadh, agus ag ceannacht gréimhearaí
Agus dar liom féin ó gur deas an dóigh2
Leitir bhréagach, sgéala ar scuaba a chualadh mise agus mé teacht o'n choill
Mé a bheith i m-éan bheag, 's mé ag fágail Éireann
Agus mó thruighe an céim beag adaidh a bhí os mo chionn.3
Más ag imtheacht atá tú i d'tráthaibh na bealtaine
Nidh nach dteárn tú ariamh fríd chorraigh nó gruaim.
Fríd sléibte bána mar bhíos mo ghrádh-sa
Agus nach fada an lá, lá go nimthigh an chumaidh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighread Ní Dhuibhir
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Duibhir
- Inscne
- Fireann