Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An luchóg agus an fhuiseóg.Fad ó shoin bhí luchóg istoigh i gcruach choirce lá amháin san Earrach bhí sí ag sgiobadh amach an choirce. Bhí fuiseóg ag dul thart ar eiteóg. Ní rabh a dhath le fághal aici le h-ithe. D’iarr sí ar an luchóg coirce a sgiobadh amach dí a fhad as mhaireadh an Samhradh agus nuair a thiocadh an tearrach go bhfuighadh sise a cuid dé’n luchóg.
Nuair a tháinig an Samhradh bhí a sáith le h-ithe ag an fhuiseóg agus ní d’iarr sí a dhath ar an luchóg. Rinne an fhuiseóg fad agus dubhairt sí nach rabh áird aici ar an luchóg. Dubhairt an luchóg go gcuirfeadh sí cogadh ar an fhuiseóg. Dubhairt an fhuiseóg gur chuma léithe.
Chruinnuigh an luchóg na h-ainmhidhte ceathar cosach agus chruinnuighaidh an fhuiseóg na h-éanacha a bhí ar an aer. Bhí siad le cogadh a dheánamh ós coinne doras Ríogh na h-Éireann. Bhí an luchóg trom go leor aig an fhuiseóg go dtáinig an tráthnóna.
Annsin shéid Rígh na h-Éireann a fhideóg trí h-uaire ar an iolar mhór. Chá h-áit a rabh tú nuair a shéid mé an fhideóg an chead uair (an) arsa an Rí. Bhí mé sá domhan thoir arsa an t-iolar. Chá h-áit a rabh tú nuair a shéid mé an dara h-uair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sádhbha Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Srath na Bruaí, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Niamh Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Srath na Bruaí, Co. Dhún na nGall