Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Luinneach
- XML Leathanach 405
- XML “Scéal - Mac an Bhaill Dhuibh”
- XML “An Seirbhíseach Girsí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nuair a chualaidh an mháthair gurab é a mac a bhí ann bhí lúthghair mhór uirthi, acht nuair a d'innis an t-athair dí gurab é an gaduidhe is mó ar an domhain é bhí brón mór uirthi.
Is fearr duit imtheacht arsa'n t-athar ná tá fear uasal thuas annsin agus scaoilfidh sé tú má chluineann sé gurab é gaduidhe atá ionnan.
Chuaidh an t-athair chuig an fear uasal agus d'innis sé an sgéal dó. Sgaoil sé an gaduidhe agus bhí an t-athair agus an mháthair iongantach buadhartha ó shin amach. - Bhí bean ann fad ó shoin agus bhí triúr mac aici. Rinne sí seirbhíseach girrsighe a fhastódh. Dílleachta a bhí innti agus bhí a hathair agus a máthair marbh. Bhí sí ina comhnuidhe i dteach ina rabh fear amháin ann, agus rinne seisean í a fhastódh ar feadh deich mbliana leis an mhnaoi seo. Nuair a bheadh na deich mbliana thuas bhí suim áirithe airgid le fágháil aici.
Bhí go maith agus ní rabh go holc go rabh na deich mbliana istoigh, agus ní rabh an t-airgead le fágháil ag an girrsigh. Smaointigh an bhean seo nach rabh airgead ar bith aici le tabhairt dí agus gur mhaith an cleas í a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Nic Aodhacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Chorrmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Caitlín Nic Gharbhaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 73
- Seoladh
- An Ghlaisigh, Co. Dhún na nGall