Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 122
- XML “Brachán Lom”
- XML “An Sagart agus Buachaill Caorach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhi fear ag teacht anoir as na Croisbhealaigh lá amháin agus bhí mála mine leis ar dhruim beithidhigh. Chuaidh sé anonn an tráigh agus ar ghabhail thríd an deán dó thuit an mála isteach san uisce. Bhí fear eile ag coimhead air agus sgairt sé amach go magadhamhach "A ghiolla thall, is feárr dhuit tuilleadh mine a chur ar an uisce no béidh an brachan lom".
- Bailitheoir
- Seósamh Mac Aodha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Ulta, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Aodha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Seoladh
- Cill Ulta, Co. Dhún na nGall
- Bhi sagart ann am amháin agus lá da rabh sé a'gabhail an bealach, tháinig sé ar ghasur ag buachailleacht uan. D'fhíafruigh sé dó'n ghasúr an rabh fhios aige a chuid urnaigh. Dubhairt an gasur nach rabh fhios.
"Congbhuigh cuimhne ar an phaidir seo", ars' an sagart. "A uain Dé, déan trócaire orainn"(leanann ar an chéad leathanach eile)