Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 251
- XML “Scéal”
- XML “An Fíodóir agus an Bhean Sí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go rabh aithne aige ar bhean amháin aca a fuair bás ar a bhaile féin. Dubhairt an fear a thu isteach é go rabh sin ceart; go dtug siadsan leóbhtha í agus gur sin an sgian a chaith seisean amach ins an fhairrge sáithte i n-a cois anois agus é ghabhail agus i a tharraingt amach. Rinne agus nuair a tharraing d'imthigh sé amach an doras agus lean an fear beag amach é agus dubhairt sé leis gur gheall sé gar a dheánamh dó agus gurbh í an ghar í é a chomhairleadh am ar bith dá mbéadh sé amuigh ar an fharraige agus an spéir éirge dorca an baile a bhaint amach, no gur íadsan a bhéadh annsin a'cur báthadh ar na bádai.
- Bhi fígheadoir ann fadó agus bhi teaghlach lag aige. Lá amháin tháinig bean isteach chuige le mála snáth acht bhí sé iongantach gnoitheach ins an am. Char aithin sé an bhean. Chuir sí ceist air cé'n uair a bhéadh an greásan déanta aige agus dubhairt sé léithe nach dtiocfadh leis sin a innse díthe.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Liam Mac Giolla Bhaird
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78
- Seoladh
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall