Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Tá croidhe fial agat". arsa'n madadh beag. "agus cuirfidh mise ar an eólas thú. An chead teach a chasfar ort nuair fhágfas tí mise buail ag an doras. Tiocfaidh bean an toighe im cómhraidh leat. Tá do bheirt deirbhshuirach i n-a dhá gcreig cloiche taobh amuigh de'n doras, de'n t-siocair go dteárn siad dearmad de'n rud a h-íarradh ortha a choimhead. Cuirfidh sí an obair céadna romhat-sa a chuir sí roimhe do chuid deirbhshúirach acht seo dhuit-se fídeóg agus nuair a rachas bunadh an toighe síos im t-seomra a sheinm ceóil cuir thusa an fhídeog in do bheal agus béidh ceól agat i bhfad níos deise no bhéas aca-san agus coinnigh súil ghéar ar an taosg. Tá ceithre neithe i n-a luighe i gcluid na mónadh agus níl dhios ag bunadh an toighe brígh ar bith a bheith ionnta. Glac thusa chugat féin na ceithre neihe sin. Srian siosúr, bruis agus cíor. Nuair a bhainfeas tú sgeamhog as do chota leis an t-siosúr tiocfaidh an coiriú ortha is deise bhi ar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Meadhbh Ní Gabhainn
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Éamonn Ó Dubhghain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77