Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mhnaoi uasail ariamh. Cuir an chíor i do cheann agus tiocfaidh ceann buidhe óir ort. Cuimil an bhruis dó do bhróga agus chá bhíonn bean uasal ar an domhan un chosamhlachta leat. Craith an srian agus béidh cóisde each gléasta réidh agat le ghabhail 'un siubhail ann, ach na beireadh an meadhai-oidhche amuigh ort."
Sgar sí féin agus an madadh beag o chéile agus tharraing sí ar an teach a dtug an madadh eóas díthe air. Bhuail sí ag an doras agus tháinig bean an toighe amach.
"Caidé do thriall an bealach seo?" arsa bean an toighe.
"Tá mé iarraidh fastóidh," arsa clairíneach na luatha.
"Tá cailín a teastail uam-sa" arsa'n bhean.
"Caidé an tuarasdal atá tú 'iarraidh?
"Cúig phunnt", arsa Cláirineach na Luatha.
"Bheárfaidh mise sin duit, acht muna rabh tú níos feárr no an bheirt deireannach a bhi agam ní chosnochaidh tú é", arsa'n bhean.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Meadhbh Ní Gabhainn
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Éamonn Ó Dubhghain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77