Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 188
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus d'imthigh sa tóir ar an eascoin. Nuair a bhi sé ag teacht cruaidh ar an eascoin, d'éirigh sí gp h-imeall agus ar shuibhal tríd an aer léithe i n-a colman. Rinne an Coindeal seabhach seilge do féin agus d'imthigh indiaidh an éin. Nuair a bhi ag teacht cruaidh ar an cholman tháinig sé fhad le teach mór a bhi ann. Bhi an fhuinneóg foscailte agus cailín i n-a suidhe taobh istighde'n fhuinneóg agus í ag fuaigheal. Chuaidh an colman isteach. Rinne fáinne do féin agus chuaidh suas ar mhéar an chailin. Nuair a chonnaic an Coindeal seo thiompuigh sé i gcruth fir arís agus thoisigh a sheinm ceóil os cómhair dhoras an toihge móir. Bhi an ceól com cinn sin go dtug fear an toighe cuireadh isteach dó agus d'íarr air fannacht aige go maidín, agus dubhairt sé go dtabhairfeadh sé nídh ar bith dó ach é sin a dhéanamh. Dubhairt Coindeal gur bheag a bhéadh sé a'iarraidh uilig ; an fáinne a bhi ar mhéar na giorrsaidh a bhi ag fuaigheal taobh istigh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Meadhbh Nic Shuibhne
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seamus Mac Aodha
- Inscne
- Fireann