Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 139](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1070%2FCBES_1070_139.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 139
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)teinidh, agus é ag crónan sin comhartha doinnine.
Nuair a bíos torman uathbhasach ag easa, sin comhartha fearthanna, agus má bhíonn tuar-cheatha 'san spéir sin comhartha fearthanna.
Má bhíonn na géacha ag eiteall go h-íseal agus iad ag béicnigh sin comhartha gaoithe.
Má shíleann tú go bhfuil na cnuic an-chomhgarach sin comhartha fearthanna.
Má fheictear na fáinleóga ag eiteall go measardha-íseal deirtear go mbéidh bailc fhearhtanna ann roimh an oidhche. Nuair a bíos na crucaurt ag ceól go h-árd sin comhartha doinninne.
Má bhíonn cumhar bhán ar an fhairrge sin comhartha gaoithe.Má bhíonn madaí gaoithe le feiceáil 'san spéir sin comhartha stoirime.
Nuair a théid an ghrian i luighe tráthnóna agus í mar bhéadh meadar fola, deirtear go mbéidh sgoith lae ann 'lá thar na bhárach.
Má thoisigheann cith feartanna agus na cearca a'dhul ar fosgadh deirtear nach ndeánfaidh sé turadh i dtoibinne.