Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 150
- XML “Leigheasannaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)annsin í a thomhas ó bhárr a cinn go bun a iorbaill, geobhaidh sí biseach.Léághas Sleamhnán
Má tá sleamhnán ar dó shúil agus má bhaineann tú naoi ndealg de chrann spionóige agus iad a chumailt ar dó shúil agus annsin na deilg a chaitheamh thar dó ghuaileann dheis, agus paidir a rádh ins an am chéadhna leaghasfhar thú.Léaghas FaithneMá chumalann tú naoi nglún cothain ar an fhaithne agus nuair a bhéas sin déanta agat, na naoi nglún a chur istech i bpaipéar agus iad a caitheamh ar shiubhal an chead duine a thógfas an paipéar leis na naoi nglún ann tiocfaidh na faithní ar-san agus imthigheochaidh siad duit-fhéin.Léaghas ar Fheabhras-Croidhe
Luigheann an té a bfhuil an aicid seo air síos ar an talamh agus baintear preab creafóige ag na bhéal. Tarrnuigheann sé a ánal agus deir sé " I n-ainm an Athair," Annsin chuireann sé bárr a choise isteach sa pholl agus síneann sé é fhéin arais agus baintear(leanann ar an chéad leathanach eile)