Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 159
- XML “Cogadh na Talún”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fuair siad foscadh agus dídean i mbóthain ádhmaid a cuireadh suas dóibh. Bhí na bóthain seo ina gcloiginí thall 'sa bfos ar na bailte. Bhí cloigin aca thuas ar an Bhealtaine, ceann eile i gCill-Ulta íochtarach agus ceann eile i mBaile-na-Bó.
Ba iad na hOlfartaigh a bhí mar thighearnaí ar an áit go dtí le goirid. Anall as an Tír- fá-Thuinn a thainig siad le righ Liam. Tá siad-san imtighthe anois agus tá áit dheas 'na ndiaidh i mBaile Uí Chonaill. Is leis an t-Saorstát an áit indiu agus tá coláiste bhreagh ar bun ann le cailíní a oileamhaint le bheith 'na n-oidí scoile.
Gaedhilg a chluinntear ó mhaidín go h-oidhche sa'n áit a mbíodh an béarla fadó, agus nach mór an sgéal é Aifreann Dé a bheith dá leigheamh gach maidín i gCaisleán na n-AlfartachTá Cloich Cheann Fhaolaidh ar cheantar comh gaedhealach is tá in Éirinn. Níl le cluinstin ó lá go lá agus ó bhliadhain go bhliadhain acht gaedhilg dá labhairt imeasg na nddaoine. Cuireadh coláiste gaedhilge ar bun annseo 'sa bhliadhain 1906 agus tá a cáil agus a clú ar fud na tíre agus taobh amuigh de. Ins an bhliadhain 1919 nuair a bhí an troid ar shiubhal eadar na h-Éireannaigh agus na Sasanaigh, dhóigh na dubh-chrónaigh an choláiste acht rinneadh í 'ath-thógail nuair a thainig(leanann ar an chéad leathanach eile)