Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Colmcille uair amháin 'na chomhnuidhe i gCill Mhic Néidhneán agus bhí cailín aimsire ar fastodh aige. Tháinic lá te agus chuaidh Colmcille amach a chur uisge ar a chuid bláth agus d'fág sé an cailín ag deanamh tuirtín aráin mhin-choirce. Thainic fear bocht go dtí an doras agus d'iarr sé déirc ar an cailín. Dubhairt sise nach dtiocfadh léi déirc ar bith a thabhairt dó de thairbhe an mhaighistreara. D'iarr sé cnág dein taosc uirthí agus thug sí sin dó. Chuaidh sé suas go dtí an teinidh agus chaith sé an taosc isteach i lár na teineadh. D'eirigh geamhar glas ar an teinidh.Tamall 'na dhiaidh sin thainic Colmcille isteach agus chuir ceist ar an chailín aimsire an raibh duine ar bith istigh ó d'fág sé an teach. Dubhairt sise go raibh fear bocht istigh agus gur íarr sé déirc uirthí. Dubhairt sise nach raibh órdú aicí déirc ar bith a thabhairt uaithe, de thairbhe an mhaighisteara, agus gur íarr sé cnág de'n taosc uirthí agus go dtug sise sin dó. gur imthigh sé suas go dtí an dteinidh agus gur chaith sé isteach i lár na teineadh é agus go dtainic geamhar glas ar an teinidh."An bhfuil sé i bhfad ar shiubhal" arsa Colmcille annsin.
"Níl" a dubhairt sise.
Lean sé é annsin agus fuair greim air. Thiompuigh an fear bocht thart agus ar seisean
"Nach dtug me do sáith duit".
"Thug" arsa Colmcille acht cá dtug tú croidhe damh le na chaitheamh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Fuaruisge
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Caoldroim Uachtarach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádraic Mac Fhionnlaoich
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Caoldroim Uachtarach, Co. Dhún na nGall