Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Annsin thug Oisín isteach do'n bhaisteadh. Bhaiste Pádraic e agus bhí coinnleóir ag Pádraic. Sháithfeadh sé an coinnleóir síos sa talamh nuair a bhéadh sé a dul a bhaisteadh na ndaoine. Cá háit ar sháith se an (croisín) an coinnleóir acht síos fríd chois Oisín. Chár labhair Oisín ariamh go raibh se baistighthe. Nuair bhí Pádraic a'tarraingt an choinnleóra aníos as cois Oisín chonnaic sé gur i gcois Oisín a bhí sé. Nuair a chonnaic Pádraic go raibh sé comh seasmhach dó'n bhaisteadh agus gur fhulaing sé an coinnleóir síos i na chois, dubhairt sé go dtabharfeadh sé amharc na súl dó agus go dtaisbeanfadh sé ifreann dó, agus a chuid daoine muinnteardha thíos ann.
Thaisbean. Bhí súistí iarainn aca agus iad a'greadadh na ndiabhal ó cheann amháin de'n teach go dtí an ceann eile. " Goidé do bharamhail díobhtha arsa Pádraic le h-Oisín"?
" Is cliste leo féin é" deor Oisín Dá maireadh Aodh beag Mac Fhinne no na seacht gcatha a bhí san Fhéinn, thiocfadh siad amach as, sin nó bhéadh an teach aca féin"
Dubhairt Pádraic annsin le hOisín.
" Athchuinge ar bith a iarrfas tú gheobhaidh tú í."
Ba mhaith le Pádraic é athchuinge a dhiarraigh díobhtha-iad fághail amach. 'Sí an athchuinge a d'iarr Oisín gan an ceangal a bhí i súiste(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Anna Ní Fhioruisghe
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Méadbh Nic Fionnlaoich
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caoldroim Uachtarach, Co. Dhún na nGall