Scoil: Gort an Choirce

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easboic
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 65

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 65

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort an Choirce
  2. XML Leathanach 65
  3. XML “Tomhastaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    (29) Comh cruinn le do cheann
    a's comh fada le céad long
    "Ceirtlín snáth"
    (30) Triúr, ceathrar cudramán
    'dhul síar go Dún na nGall
    Gan súl no béal nó teanga ionnta
    a's iad uilig a'chainnt.
    " Píoba"
    (31) Gearrán beag bromanta
    breabhsanta donn
    Shiubhalfadh sé Eirinn
    's ní fhliuchfadh se bonn.
    " Beachóg"
    (32) Caidé an dá nidh is gainne amuigh
    " adharc muice 'gus bainne circe"
    (33) Caidé na trí nidh is fuaire amuigh
    " soc con, glún fir 'gus tón mná"
    (34) Caidé 'n cead rud a chach sa choill
    "Tón"
    (35) Caidé chuireas an fear uasal 'na phóca
    agus chaitheas an fear bocht uadh
    "a chuid smuig"
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge