Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 74
- XML “Abar Salach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgeul Abar SalachBhí fear an uair amháin agus sé an t-ainm a bhí air Pádraic. Chuaidh sé suas na phortaigh lá a chur amach mónadh. Ar a bhealach casadh fear air agus d'iarr sé ar Pádraic cliabh mónadh a fhágáil ag a thighsan agus go dtabhairfeidh sé an luach dó. Dubhairt Pádraic go bfagfadh.
Nuair a bhí an lá istigh ag Pádraic, chuir sé cliabh mónadh ar a dhruim agus siud a tarraingt ar thigh an fhir a casadh air ar maidín. Mar bhí sé gear-thuirseach indiaidh a lá oibre agus deifre na bhaile air, níor mhothuigh sé gur baineadh trisleadh as ar thúrtóig agus fágadh ina luighe ar a bhéal agus a shróin é in abar shalach.
Nuair a thainic bean a tighe a'tarraingt uirthí é sgannruigh sí agus indiaidh tamaill bhig chuir ceist air caidé tháinic air
Seo an freagra a thug Pádraic uirthí:-
Bhí ualach ar mo dhruim.
Bhí túrtóg in mo bhealach;
Thuit mé ar mo shróin,
isteach in abar shalach- Faisnéiseoir
- Pádraic Mac Fhionnlaoich
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Caoldroim Uachtarach, Co. Dhún na nGall