Scoil: Mín Doire (uimhir rolla 16151)

Suíomh:
Mín Doire, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 331

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 331

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Doire
  2. XML Leathanach 331
  3. XML “Pigíní Ime i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Piginí ime i bfolach
    Chá gcuirfeadh aon rud amach as cloignibh na sean daoine na háite seo nó gur an lochlannaigh a ba chionntach leis na píginí ime bheith curtha i bfolach. Gan aon amhras bhí bulaidh lámh ag na lochlannaigh ag deanamh ime agus a shábhail agus cupáiri maithe a bhí ionnta le na chois.Tá cuid mhór áiteanna comhgarach dúinn annseo i Mín Doire ina bhfuaireas pígini i dtaisce faoi'n talamh.Corradh is bliadhain ó shoin fuaireas pigín breágh ime nuair a bhíthear ag baint na mónadh san t-seanphortach ar an t-Sean-bhaile.
    Seámus Mac Aoigh ( Tá sé beo agus deágh bheo go fóill) a bhí i gcionn an tsleáin agus a mhac Séamus óg ag cuir ar poill an bheirt fhear a fuair an taisgidh.
    Shaoil siad i dtús báire gur i gcoinnibh smútan a bhuail Seámus mór an sleán leis an truip a bhain sé an pigín nuair a thainig sé ina éadán
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge