Scoil: Mín Doire (uimhir rolla 16151)
- Suíomh:
- Mín Doire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Doire
- XML Leathanach 375
- XML “Fir Reatha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fir Reatha:- San am a thainic an chead ghluaisteán an bealach seo scáruigh sé a raibh de bheathuigh ( Capaill) san áit agus níor fhan ceann aca ar an cheann eile dóibh sin a bhí comhgarach nár ghlan amach as éisteacht an ghluaisteáin.
Bhí beach ag Brian Ó Gallchobhair as Mín Doire ( Tá a mhac Seán san áit anois) ag ingheilt cois an bhealaigh mhóir nuair a thainic an gluaisteán aníos.
Amach roimh an ghluaisteán leis agus i shiubhail cosa ináirde, D'fhiach tiománuidhe an ghluaistin teacht aníos fhad leis agus dhul thairis acht sháruigh air.
Bhí Brian na fhear meadhon aosta san am agus in a óige ba doiligh amhac a samhail a fhágail ar leána na bhfiann. Bhí se ag tochailt phréatai san chomursanacht nuair a thug sé fa dear an rasá eadar a bheach agus an ghluaistean.
Bhí fhios aige go maith caidé chomh luath is bhí an beach s'aige agus go ritheadh sé giota maith nuair(leanann ar an chéad leathanach eile)