Scoil: Cnoc na Naomh

Suíomh:
Cnoc na Naomh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Cnáimhsighe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1072, Leathanach 41

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1072, Leathanach 41

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc na Naomh
  2. XML Leathanach 41
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí beirt fhear ann fad ó shoin darbh ainm "Domhnall Beag" agus "Domhnall Mór". Bhí cuid mhór eallaigh ag Domhnall Mór agus ní rabh ag Domhnall Beag acht bó amháin.

    Sgéal
    Bhí beirt fhear ann fad ó shoin darbh ainm "Domhnall Beag" agus "Domhnall Mór". Bhí cuid mhór eallaigh ag Domhnall Mór, agus ní rabh ag Domhnall beag acht bó amháin. Lá amháin mharbhuigh Domhnall beag an bhó agus bhain sé an chroiceann díthe. Dhíol sé an fheoil agus fuair sé luach maith uirthi. Annsin fuair sé nimh agus chuir se ar an chroiceann é. Chuir sé an croiceann ar an chlaidhe ag taoibh an toighe agus tháinig cuid mhór de éanacha deasa agus thoisigh siad a phiocadh an chroicinn agus fuair siad uilig bás. Thug Domhnall beag leis na h-éanntha 'un aonaigh agus fuair sé luach throm ortha. Tháinig Domhnall beag 'na bhaile agus nuair a tháinig Domhnall mór an mhéid airgid a bhí ag Domhnall beag, chuir sé ceist ar Dhomhnall beag cá h-áit a bhfuair sé an t-airgid. Dubhairt Domhnall beag gur mharbhuigh sé an bhó, agus gur dhíol sé an fheoil. Annsin mharbhuigh Domhnall mór a chuid eallaigh uilig agus ní bhfuair sé acht cupla punnta ortha. Bhí Domhnall mór ar daoraibh agus bhí sé ag gabhail a marbhughadh Domhnall beag an oidhche sin. Ba mhaith an mhaise do Dhomhnall beag é
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    Teanga
    Gaeilge