Scoil: Cnoc na Naomh
- Suíomh:
- Cnoc na Naomh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc na Naomh
- XML Leathanach 79
- XML “Allaidh Beirneach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Allaidh BeirneachA Phlúir na mban óg is deise dá bhfuil beo
A's, a Dé, gan mé pósta ó'n chléir leat
A's neimhchead dá bhfuil beo go meallfainn mo stór
Dá bhfáighainnse seal comhráidh léithe
A Gruaidh mar an rós, a beul canaidh gan bród!
'Sí sgathan Fodhla an maighdean;
Dá mbéidheadh mo chairde beo go bhfuighinn beannacht leo
'S go leanfainn mo stór thríd ÉirinnA bhruinnill gan smúid le’r léig mé mo rún
Nach d’ tuigeann tú an cúis a bhuaidhir mé
A’s gur tusa mo rún an gcreidfidh tú rud uaim.
A’s go siubhailfinn gan chumhaidh an saoghal leat;
Go Cúige Mumhain a’s go Conndae an Dúin,
A’s go Corcaigh na g- cuan dá bh- feidfinn
A’s a chuisle ‘s a rún nár tuirseach mo shiubhal
Mur bhfeicfinn i d - tús gach lae tú.A chuach bheag na nGaeidheal, má tá tú ar do léim
Go Coillidh Dhúinreimhe anonn uaim,
Tabhair beannacht agus céad uainn go Baile - na - gCléir,
Is ann a chomhnuigheais sí, géag na bh – fainnsidh
Agus innis dí fhéin go bhfuil mé ‘na déigh.
A’s go bhfuil mé i bpian ‘na timcheall.
A’s nach bhfuil ar an t- saoghal a dheanfaidh mo leigheas.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Antoine Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann