Scoil: Mín na Croise
- Suíomh:
- Mín na Croise, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Choileáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Croise
- XML Leathanach 134
- XML “Scéalta fá Mhurchadh Beag agus Murchadh Mór - Poll Tí Liabáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhi Murchadh beag agus Murchadh Mór na gcómhnudihe le chéile agus bhí dhá shean-mathair aca. Fear saidbhir a bhí Murcadh Mór. Bhí dhá bó dheug agus tarbh aige agus ní rabh ag Murchadh beag acht an aon bó amhain. Lá amhain d'iarr Murchadh Mór ar gan an bó a cur thart leis an doras no go ngearradh sé na ceithre cosa díthe. " Maith go léor"? arsa Murchadh Beag. La thár na-bharach chuir sé í an bhealach ceadhna. Tháinig Murchadh Mór amach le tuagh agus ghéarr na cosa dithe. Annsin thugh Murchadh beag í agus d'feann í. Chur sé piosa airgid ann gach cóirneal d'en chraiceann. Thug sé 'un aonaigh i Chruinnigh na daoiní thart fa dtaobh dé agus gach buaille da dtabhradh sé do’n chraiceann. E[?]feadh píosa airgid amach agus sa’ doireadh fuair sé cúig chead ginidh air. Ar maidin lá-thár-bhárach ag éirigh do Murchadh Mór, ce chonnaich sé acht Murchad beag ag cunntas a chuid airgid. “Cé thug an tairgid sin duit?” “Fuair mé sin ar an bhó a mairbh tusa indé”. “Caithfidh mise an rud ceadna a dheánamh”. Mairbh sé an dá bhó deug a’s tarbh agus thug leis ‘un aonaigh iad. Bhí an lá té agus bhí droc bholfadh as an fheoil. Lean na saighdhuirí dearga é agus dubhairt siad an chead lá eile a dheánfadh sé a léithead sin go gcuirfeadh siad ‘na phríosún é.
Bhí go maith agus ní rabh go [n-o]?(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cathal Mac Giolla Easbuic
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Mín na Croise, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Úna Nic Giolla Easbuic
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80