Scoil: Cnoc Sacsan (uimhir rolla 16024)
- Suíomh:
- Cnoc Sacsan, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Ó Faoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá loch in aice le mo áit chónaidhthe. Loch na Ceathramhan Móire a thugtar air. Loch an-bheag é amach is amach mar níl d’achar ann ach cúig is fiche acra béidir.
Sa Samhradh bíonn buachaillí óga an cheanntair thart timcheall ag folcadh is a snámh ann ach mar sin féin ní maith le duine ar bith dul isteach ann agus é in a aonar. Adeir na sean daoine gur iomda rud aisteach a chonnachthas ann.
Tá sé i gceist san áit go bhfuil capall bán in a chomhnaidhe thíos fá’n loch is go dtagann sé suas go barr a locha anois is arís is é gleasta go deas le srian soillseach diallaid a bhfuil dath an óir air, ar a dhruim is cruidhthe airgid faoi.
Comhartha ádha é do dhuine ar bith an capall a fheiceáil is bhí sé ráidhte i measc na seandaoine go mbeadh na cruaca óir le fáil ag an té a bearfadh greim air.
Seo scéal beag eile faoi.
Bhí fear ag dul abhaile ar thaobh an locha oidhche amháin is chonnaic sé chuige an capall ar bhárr an uisce. Chrom mo dhuine síos ar fhaitchios go bhfeicfí é is ghléas sé é(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Proinnsias Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Murchadha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 71