Scoil: Ceathramhadh Ceanainn (C.) (uimhir rolla 10842)
- Suíomh:
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Róisín, Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Comh fada 's comh leáthan le h-urlár mór tighe,
'Sé a deárfa gur daithte do'n úsaid bhí sí;
ceart cothrom i ndoimhne ó imeall go lár
Ní fácaidh 'n Naomh le na chuimhne 'riamh adhbhar ní b'fhearr,
Ní rabh 'nois ag teasthail acht lucht ceirde 'thabhairt ann,
'S ag súil la n-a gcastail air phill sé le fonnFuair sé fir a bhí ealadhanta críochnuighthe 'na gceird,
A thug leo casuír a's cearnóga, síseal a's uird:[?]
D'fhán an Naomh é féín seal ann ag ullmhughadh gach rud,
'S níor leig sé aon cheal ann de thaoibh bhíd nó dighe
Línigh 'n mhéid a bhéadh innti annsin d'a chuid fear,
A's chuaidh siad 'gcionn oibre, bhí cinnte, go mear,
Thóg cró comhnuidhthe 'na dteannta a's d'oibir go docht
Go rabh'n Chros gearrta greannta gan earraidh, gan lochtAon troigh a's fiche 'sé an fad rinneadh í,
seacht-go-leith ins na sciathaín de leíthchad a bhí,
Dhá throigh cothrom trasna bhí cos, ceann, 'san dá ghéíg
A's ceithre h-órdlaigh a doimhne, sin faisneís gan bhréig;
Ar a bheith críochnuighthe coírighthe bad mhaiseach a gné
'Sí bhéadh gnaoidheamhail mar órnaid le h-ais teampaill Dé
Acht caidé 'n doígh in Eírinn a bhfuighfidhe í 'nonn
Ó maídhin na Croise, chois sléibhe, go Toraigh na dTonnBhí coill dhluth an tráth sin síos go muir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Cumhaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Droim na Tine, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- R. Ní Dochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall