School: Mágh Rua (Murroe)
- Location:
- Maigh Rua, Co. Dhún na nGall
- Teacher: P. S. Ó Dochartaigh
![The Schools’ Collection, Volume 1075, Page 94](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1075%2FCBES_1075_94.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1075, Page 94
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mágh Rua (Murroe)
- XML Page 94
- XML “Scéal Greannmhar”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal greannmhar
Bhí fear ag gluaiseacht ins an trean ó Leitirceannáin go Doire lá amháin. Chuaidh sé isteach ins an traen agus thoisigh sé ag chaitheamh a phíopa. Bhí sgríobhadh ar an fhuinnéog seo nach rabh chéad ag duine ar bith píopa a chaitheamh ins an cárraiste seo. Bhí bean uasal ins an charáiste cheadhna agus bhí mada[dh?] glic aici. Nuair a chonnaic sí an fear ag chaitheamh an phíopa bhí fearg uirthí agus fuar sé greim ar an phíopa, agus caith sé amach fríd an fhuinnéoga . Bhí fearg ar an fhear agus fuair sé greim ar an madadh glic agus chaith sé amach fríd an fhuinnéog. Nuair a stád an traen chuaidh an bean uasal go dtí na gardaí agus d'innis sí achan rud a tharla nuair a bhí siad ag cainnt thainig an madadh suas agus bhí an píopa na bhéal aige.- Collector
- Bríghid Nic a Leagha
- Gender
- Female
- Address
- Dún Fionnachaidh, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Bríghid Nic a Leagha
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Address
- Dún Fionnachaidh, Co. Dhún na nGall