Scoil: Más an Easa (B.) (uimhir rolla 14775)
- Suíomh:
- Más an Easa, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Prionnseas Mac Carraigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Más an Easa (B.)
- XML Leathanach 202
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí Rí ann am amháin agus bhí mac amháin aige...”
(ar lean ón leathanach roimhe)air go mbainfear an ceann de luath go leór imbárach” ar sise.
“Is truagh nac bhfuil mise sa bhaile” arsa sise.
“Is truagh nach bhfuil mise annsin” adeir Jack
Is truagh nach bhfuil ceann díot a dhiabhail” arsa Jack, agus bhí an ceann de ar bhomaite. Chuir Jack an ceann faoi a ascaill agus ní fhaca duine ar bith é.
Rith sise suas nuair a thainig sí abhaile agus d’iarr sí cá rabh an béal deireannach a phóg sise aréir. Shín seisean anall a ghob fhéin ag déanamh gur é fhéin Sgáirt sise annsin ar na saighdiúirí é a thabhairt leo agus é a chur chun bháis nó go rabh a gnaithe deánta.
Thuit a chuid lámh fá na chrios agus thainig gruaim an bháis air. Dhruid sé a chuid súil air, lé slán agus beannacht a fhághail ar an t-saoghal.
“Fóill, Fóill” adeir Jack “Ta gnaithe beag agam leat. Cha fhaca duine ariámh comh dearmadach leat, nó thug tú sin damh le taisgeadh aríamh. Bheir sé ar cheann an diabhail agus chaith sé é isteach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Frank Mc Carry
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Mrs Anne Sheils
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 74
- Seoladh
- An Caiseal Mór, Co. Dhún na nGall