Scoil: Más an Easa (C.) (uimhir rolla 14776)
- Suíomh:
- Más an Easa, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Ní Cholchuin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Más an Easa (C.)
- XML Leathanach 246
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-Sgéal
Aon uair amháin fadó, chonnaic daoine fear ag siubhal ar an bealach-mhór. Síl na daoine go rabh airgead ag an fear seo, agus rug siad greim air. Chuir siad i mála é le é a chur ‘san abhainn, agus leis an t-airgead a fághail uaidh.
D’fag na fir ins an mhála é, agus é cheangailte ann. Tháinig fear anall chuig an mála in a rabh an fear eile, agus chualaidh sé an fear ag radh agus (agus) ag sgairtigh “Ní ghlacfaidh mé í, ní glacfaidh mé í.” Bhí iongantas mhór ar an fear, agus dubhairt sé “Goidé nach nglacfaidh tú?” “Innis damh é” Dubhairt an fear eile “[?] siad ag tabhairt inghean an ríog damh, agus ní ghlacfaidh mé í”. Ars’ an fear eile “leig isteach ‘san mála mé, agus glacfaidh mise í”. Rinne an fear sin. Cuaidh sé isteach ‘san mhála agus leig sé amach an fear eie. Cheangail an fear é ins an mhála agus chuaidh sé ar shiubhail.
Tamall beag in a dhiaidh sin, táinig na fir eile, agus shíl siad gurb’é an fear ceudna do bhí ‘san mála. Thug siad an fear leobhtha le é a bhaitheadh. Bhí brón(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Ceállaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Más an Easa, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Ceállaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Más an Easa, Co. Dhún na nGall