Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)
- Suíomh:
- Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Dhúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Druim na Rath
- XML Leathanach 188
- XML “Na Daoine Gortacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)do an talamh. Rinne fear acu claidhe ar a' bheallach seo " - ag an am ceadna ag deanamh stríoc ins an luaithe agus trasna an tuirtín, - " agus fear eile claidhe ar a ' beallach seo, " agus nior stad sé go dearna sé, sé stríoch deag ins an luaithe, agus gur chuir sé an tuirtín fighte, faighte fríd an luaithe agus nach rabh giota amháin de'n tuirtín faghtha.B'eigean do'n bhean a dhul a luighe arais, agus i gcionn an ama sin bhí an fear ins an leabaidh corr a bheith marbh leis an fhéar-ghortach. Luigh an fear cliste san coirneál arais agus leig sé air-fhein go rabh sé na chodladh agus thoisigh sé ag scrainnfigh. Dubhairt fear a' toighe ni béadh sé ábalta an t-ocras a fhuilstint níos faide no go mbeadh sé marbh ar mhaidin.
"Bhal," ars' an bhean níl gréim bidh reidh ins an tig. Tá an bracan uilig ithte agus níl a dhath a mhaith ionnam ag deanamh iarraidh aran a deanam, tá an teine marbh anois."
"Gabh amach an bhoitheach agus bligh an bhó go gheobhas me deoc bhainne fhéin," ars' an fear.B'eigean don mhnaoi bhocht éirigh arais. Chuir se seál mór a bhí aici thart fa dtaobh duithe agus bróga a fhear na laimh leití go rabh sí taobh amuíg de'n dhoras. Shaoil sí nach bhfaca duine ar bith i. Acht bhí an ógnac ins an coirneál ag amharc agus ag eisteacht rith an ama, agus nuair a bhí an bhean cupla bomaite amach d'éirigh sé agus amach leis fosta agus an plainncead thart fa dtaobh do. Chuir sé a cheann isteach ar dhoras an bhoitigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ua Ghallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 75
- Seoladh
- Doire Fada, Co. Dhún na nGall