Scoil: Dún Fhionnachaidh (2) (uimhir rolla 9002)
- Suíomh:
- Dún Fionnachaidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Ó Canainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ins an aimsear chian-aosta bhí fathach fíochmhar darbh ainm Balor ina chómhnaidhe ar oilean Thoraigh. De threibh na bhFhómharach é agus chuir sé bunadh an oileain uilig faoin a smacht 's bhí sé ag maoidheamh ceannais ar lucht an mhór thír fosta. Aon tsúil amháin a bhí ag Balor. Bhí an t-súil sin suidhte i gclár a éadain agus bhí léargas malluighthe ann idtreo go mairfidhe achan duine a nd'amharcadh sé air. Baisteadh balor an t- súil nimhe air da bhríghe sin.
Ní rábh lucht an mhór thír sásta géilleadh do Balor. Go háirid Ceann Fhaolaidh, fear a lonnuigh neas don Fhalcarraigh.
Bhí Ceann Fhaolaigh ionchurtha le Balor(leanann ar an chéad leathanach eile)