Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)
- Suíomh:
- An Gleann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 52
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)San áit atá toit tá teine.
Nuair a chuireann sé dóirteann sé.
Ní h-iad lucht na cainnte lucht na h-oibre.
Gní sothaigh folamha cuid mhór tormain. Is maith an t-annlán an t-ocras.
Is olc an ghaoth nach séideann maith do dhuine éiginnteacht.
Is feárr rith maith ná droch sheasamh.
Na breathnuigh an leabhar de réir an chumhdaigh.
Is feárr uaighneas maith na droch chuideachta.
An té tá siubhaltach tá sé sgéaltach.
Is fada nach gcloiseann an chluas ní chuireann sé buaidhreadh ar an chroidhe.
Ní chrothnuigheann tú an t-uisce go dtéigheann an tobar tirim.
Is mairg an té bhíos thíos leis an chead bhearnán.
Nó ór gach rud atá lonnrach.
Is fearr mall na go bráthach.- Bailitheoir
- Eithne Ní Cheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Droim Leacach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Cathal Ua Ceallaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Largantrean, Co. Dhún na nGall