Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)

Suíomh:
An Gleann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 90

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 90

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann
  2. XML Leathanach 90
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Dubhairt an mac go ndeánfadh sé a dhicheall leis an uisce a fhághail duithe sul a leigfeadh sé duithe bás a fhághail.
    Bhí dhá leomhan ceangailte ag an tobar agus gach duine a chuaidh cho mhair an tobair roimhe sin mharbh na leomhain iad. Shíl an fáthach go ndeánfaidh an rud céadna leis an fhear seo.
    Nuair a chuaidh mac na baintreabhaigh fhad leis an tobar tug sé buille dé’n claidheamh do’n chead leomhan. Rinne sé mar an gcéadna leis an dara ceann. Thóg sé an t-uisce. Nuair a d’amharc sé thart in áit dhá leoman a bheith ag an tobar bhí an cailín a ba dóigheamhla da bhfaca sé ariamh agus cú. D’innis an cailín dó go rabh sí faoi gheasa fanacht ag an tobar go dtabhairfeadh buachaill óg buille dé chlaidheamh duithe. D’innis seisean duithe-sé caidé thug annsin é.
    Ba é an deireadh a bhí air go dtáinig sise leis go h-Éirinn. Chonnaic an mháthair agus an fáthach iad ag teacht agus bá mhór an t-iongantas a bhí ortha. Smaointigh siad caidé bá chóir dóbhtha a dheánamh anois. D’iarr an fáthach ar an mháthair cuir i gcéill go rabh fáilte mhór rompa agus a sáith a tabhairt dóbhtha le h-ithe. Rinne sín sin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eithne Ní Cheallaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Toam, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Cathal Ua Ceallaigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Toam, Co. Dhún na nGall