Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)
- Suíomh:
- An Gleann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 91
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a chuaidh siad a luighe an oidhce sin fuair an fáthach bior iarainn agus dhearg sé san teine é. Nuair a bhí an mac in a chodladh sháith an fáthach an bior in a shúile
D’fhág an mac agus an cailín an caisleán annsin agus bhí droch dhóigh ortha. Bhí an bheirt aca in a suidhe ar thaobh malacha lá amhain agus chonnaic an cailín éan ag dul thart agus é ag buaileadh in éadan achan rud dá rabh roimhe. Sá deireadh chuaidh sé ag tuitim sios an mhalaidh agus thuit sé isteach i dtobar a bhí ag bun na malacha. D’éirigh sé arais agus bhí sé abalta eiteall chomh maith le éan ar bith. Smaointigh an cailín gur dall a bhí an t-éan agus gur leigheas an t-uisce a bhí san tobar é.
Fuair sí braon de’n uisce agus chuimil sí ar chuid súile na fir é. Tháinig an t-amharc arais chuige comh maith agus bhí ariamh.
An oidhce sin fuair an mac a chlaidhemh chuaidh isteach na chaisleain agus ghearr an cionn dé na mháthair agus dé’n fháthach. Bhí an caislean aige do féin agus dó’n chailín annsin.
Pósadh an bheirt aca. Mhair an bhainféis lá agus bliadhain agus b’fheárr an oidhche dheireannach nó an chead oidhche.
Féac ar an dara leathanach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eithne Ní Cheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Toam, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Cathal Ua Ceallaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Toam, Co. Dhún na nGall