School: An Gleann (roll number 14277)

Location:
Glen, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 94

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 94

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gleann
  2. XML Page 94
  3. XML “Seanscéal - Fionn agus na Carriacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ghlac Art tinneas lá amhain a’s ní rabh sé abalta ghul amach le na chuid fear. Dubhairt Caoimhghín go rachadh seisean amach in a áit. Bhí siad uilig sásta leis an t-socrughadh sin. Bhí biseach ar Art lá thar na mhárach as d’imthigh sé féin agus a chuid fear a shealgaire go bréagh luath ar maidín. Bhí fearg mhór ar Caoimhghin as d’imthigh sé féin agus a chuid fear a’s níor stad siad go rabh siad ag áit Suidhe Fionn. Chonnaic na fir eile iad a’s tháinig siad fhad leobhtha.
    Thoisigh siad ag argóint agus sa deireadh thoisigh siad a throid. Marbhughadh Árt sa troid annsin tháinig Fionn. Bhí fearg mhór air-san le Caoimhgin agus dubhairt leis gur fhéad sé bheith sásta lé dhá lá sealgaire fhághail. Chuir Fionn ruaig air annsin as d’imthigh sé féin a’s cuid fear Airt fosta.
    Thug Fionn leis colann Áirt agus chuir sé i gCill Dara é. Ghlac Caoimhghín eagla roimhe Fhionn a’s d’imthigh sé féin agus a chuid fear go hAlbain.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Informant
    Pádraig Ua Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Derriscligh, Co. Donegal