Scoil: Rathmullan (uimhir rolla 14224)
- Suíomh:
- Ráth Maoláin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: M. Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rathmullan
- XML Leathanach 080
- XML “Na Sagairt”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fá thuairim 1740 bhí sagart pároiste 'san áit seo ar bh'ainm dó Ó'h-Égartaigh. Thainig an t-easboc Ó'Gallchobhair go dtí n-a theach. Bhí an t-easboc ar lorg sagairt eile le é a stiúradh ar an bhealach cheart. Thainig sé ag tabhairt comhairle do shagart darbh ainm dó MacCamhail (d'fhág sé an Eaglais i ndiaidh sin)Nuair a tainig an t-easboc ag teach sagairt na paróiste bhí sé ag cuir faoi an oidhche sin.Fuair sé cuireadh tráthnóna chuig féasta ó bhodach na háíte - Albanach. Cailín gaedhealach a chuir an bodach chuige mar teactaire. Nuair a thug sí scéala chuige chuir an t-easbog céist uirri ar chóir dó dul chuig an fhéasta. "Má's maith leat a bheith beo ar maidin na gabh" ars' an cailin. D'innis an t-easboc caidé mar bhí do shagart na paróiste . Níor chuir an sagart suim ar bith 'sa' scéal agus d'iarr sé ar (mar comhairle) dul a luighe agus oidhche mhaith(leanann ar an chéad leathanach eile)