School: Caiseal (2) (roll number 15393)
- Location:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Seán Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal (2)
- XML Page 455
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ó lá bliadhna Úire go dtí an Corgas an t-am is mo a phósann na daoine.Tamall maith ó shoin ba ghnatach leo na cailíní a ghuid nó a fhuadach.Bhí tighearna talaimh i mBaile Thaobh Rúsgaidh am amháín agus thug sé ar chupla fear dul siar go Ramhras agus cailín deas a bhí ina comhnuidhe annsin a fhuadach do.Nuair a thainig fhad leis an teach ní rabh an cailín le feiceal agus cha rabh fhios aca caidé a b'fearr dobhtha a dheanamh. Chuir siad cnó na lachan ar theinidh mar go rabh fhios aca go dtiocfadh an cailín amach nuair a thchifeadh sí an teine. Nuair a tháínig sí amach fuair siad greim uirthí agus thug leobhtha í agus pósadh iad. Richard Williamson a bhí ar an tigearna talaimh.Bhí teach osta ag fear darbh ainm do Seamus Mac Ghiolla Bhrighde i mBaile Úi Thighearnáín agus chuaidh siad isteach. D'fhiafruigh Seamús dobhtha caidé bhí a dhith ortha, dubhairt Sean Ruadh fear de lucht an fhuadaigh , "Galún," arsa seisean. Roise Nic Giolla Cheara, Gleann Eois
- Collector
- Roise Nic Giolla Cheara
- Gender
- Female
- Informant
- Sean Mac Ghiolla Ceara
- Gender
- Male
- Age
- 93
- Occupation
- Feirmeoir