Scoil: Caiseal (2)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí buachaill darbh ainm do Séimí Ó Frighil n-a cómhnuidhe i nDruim-na-Creige i gcuideachta a mháthar. Bhí an mháthair fíor-shean agus ní rabh aca ach iad fhéin. Cha rabh de stoc aca ach sean-ghearrán buidhe agus bhí sé amuigh ar téad. I bpáirc oidhche shean-Shamhna. Bhí sé mall nuair a chuaidh sé amach fá na choinne agus mhothuigh sé na h-uaisle a’ callán eatorra fhéin fá ghiota do, nó bhí sé comhgarach d’áit uasal. Chualaidh sé iad a cainnt fá dhul go Baile-Átha-Cliath agus chualidh sé duine aca a’ rádh go rabh Cuma ar Shéimí Ó Frighil gur mhaith leis dhul leó. Dubhairc an maighistir a bhí ortho leis an fhear a labhair dhul agus fiafruige do Shéimí an rachadh sé leo agus innse dó caidé ‘n gnaíthe a bhí á dtabhairt annsin. Chuaidh fear aca anonn agus dubhairt sé gur fá choinne inghear an Mhaur i mBaile-Átha-Cliath a ghoid a bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Domhnaill Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 16
- Seoladh
- An Seanbhaile, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Aodh Ó Siadhail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77
- Seoladh
- Baile Uí Fhuaruisce, Co. Dhún na nGall