Scoil: Caiseal (2)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal (2)
- XML Leathanach 37
- XML “An Drochshaol”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Luigh an droch-shaoghal go trom ar an ceanntar seo. Bhí triocha agus a cúig toighthe i dTullach-Chonnall agus ní'l ach naoi gcinn ann anois.Tháinig an dubh ar na preataí nuair a bhí siad ag fás. Scaipeadh iad mar a scaipfa grainín sil. Lóbh siad ins na pitannaí agus ins na tighthe san am sin.Brachan a bhí mar bhiadh ag na daoine nuair a d'éirigh na preataí olc agus turnipaí, slabhac, barnacha. Na preataí a chuirfeadh siad sa lá, bhéadh siad goidhthe agus iththe ar maidín. Is iad na turnipaí an chead rud a fuair siad amach fá dtaobh de.Char cailleadh morán daoine as an ceanntar seo ach cailleadh daoine áiteacha eile sa tír. Fuair cuid de na daoine bás de Fheabhras agus fuair cuid eile aca bás le ocras.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Siubhán Ní Fhríghil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tulaigh Chonaill, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Aodh Ó Siadhail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Tulaigh Chonaill, Co. Dhún na nGall