Scoil: Caiseal (2)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal (2)
- XML Leathanach 260
- XML “Bia na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Trí bhéile bidh a d'iththí sa lá agus go minic bfeidir nach mbéadh trí bhéile aca le h-ithe. An bricfeasta an Dinnear agus an Suipear a bheirthí ar na béilí úd.Ba ghnáthach leis na daoine dhul amach cupla uair ar maidin ag obair gan aon ghreim a ithe; agus annsin thiocfadh siad isteach agus gheobadh siad preataí. Preataí a bhíodh ag na daoine le achán tráth agus corr dhuine a mbíodh tae acu, siad na preataí an t-arán a bhíodh acu.Duine ar bith a mbéadh bainne acu d'oladh siad é ach bhí an gann. D'oltaí achán chineal bainne.Chan tabla a bhíodh acu ar chor ar bith ach básgoid phreataí na shuidhe ar bhéal an phota i lár an urláir. Bhíodh ceithre chineal aráin ag na daoine Bocstaí, Aran Mhin Choirce,(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Maighréad Ní Fhríghil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort na Trá, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Padraig Ó Fríghil
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Gort na Trá, Co. Dhún na nGall