Scoil: Caiseal (2)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal (2)
- XML Leathanach 277
- XML “Taibhsí - Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear thall i Rosgoill am amháin a rabh Éoin Domhnaill Éoin Pheadair mar ainm air. Chuaidh sé go dtí sibin fa choinne buideal poitin. Ag a dhul na bhaile dó bhí an oidhche fior-dhorcha chaill sé a chasan agus chuaidh sé amach binn agus briseadh a chloigean.Ca dtiocfadh le duine ar bith dul amach ar an doras nach bhfeicidh siad a thaibhse. Bhí fear ar an baile ar a dtugadh siad Pádraigh mór Mach Suibhne. Bhí sé ar aonach an Chraoslaigh le cheithre phighin muice. Nuair a bhí sé ag gul na bhaile tháinig sé isteach ar chionn thraigh - Charraich-Airt cé tidh sé ag teacht aníos an traigh ach an taibhse.Smaoitigh sé go mbéadh sé beag-a-mhaith aige siubhail leis trí mhíle no níos mo gan fuifruighe dó caidhé a bhí ag cur bhuaradhtha ar. Dubhairt sé nach rabh an chuid mhór ar bith. "Tá nigean do mo chuid i Meireacha" ar sé. Chuir sí dhá phunnta agamsa nuair a bhí mé beo(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Fhionnlaoigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Tonn Bhán, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Fhionnlaoigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- An Tonn Bhán, Co. Dhún na nGall