Scoil: Caiseal (2)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal (2)
- XML Leathanach 281
- XML “An Reilig”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sa reilig Ghallda agus gur tógadh a chorp agus gur cuireadh sa reilig ag Árd-an-Aifrinn é.Turim-se is an chéad bliadhain ó shoin bhí reilig thiar i nDumhnach-Mhór san áit a bhfuil tobar Naomh-Bhudóg, agus tá na h-ardáin ós cionn na n-uaigheann le feiceál go fóill. Thug na Prodasdúnaigh leobhtha giota de leic a bhí ar uaigh i nDumhnach-Mhór agus bhí ainm Naomh Bhurdóg uirthí. Deirtear gur sháith siad é sa reilig Ghallda agus gur bfuarthas an leic cupla bliadhain ó shoin.Ba ghnátach leis na Prodasdúnaigh agus na Caitlicigh a chur fríd a chéile, ach ba leis na Gaedhil an reilig Ghallda chéad uair, ach bhain na h-Albanaigh dóbhtha í leis an láimh láidir, annsin fuair siad reilig dóbhtha féin agus baisteadh Árd-an-Aifrinn uirthí. Seo mar fuair siad é. Bhí ministir i gCrúachan agus bhí sé an-teireantach ar na Gaedhil. An lá seo bhí na Caitliocaigh ag dul le torramh. Nuair a chonnaic siad fhadh leis an geafta Ghallda chá leigfeadh an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Dhorráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Dorráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall