Scoil: Caiseal (2)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal (2)
- XML Leathanach 325
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Fá thuirim céad go leith bliadhain o shoin bhí fear darbh' ainm de Ross na chomhnuidhe i mBaile Uí Thighearnain. ...”
(ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a thainig an t-Earrach thoisigh an dá pháirte ag saoradh an talamh agus dhá sheiseara agus treabhadh ar an iomaire amáin; bhí sé mar a gceadna nuair a thoisigh siad a chur an pór. Fear aca ag cur choirce agus féar acu ag cur eornan. Agus nuair a tháinig an Fogmhar, an fear is mó a bheadh aige bhí sé mar a gceadna ag baint na bpreátaí, agus mhair siad mar sin rith tamaill fada gur roinneadh an baile eotarra. Fuair Síol Siadhail agus clann t-Suibhne seilbh ar an baile leath ar leath.- Bailitheoir
- Anna Nich Suibhne
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tulaigh na Dála, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Labhras Mach Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Tulaigh na Dála, Co. Dhún na nGall