Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)

Suíomh:
An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Ailin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 103

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 103

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Árd Leathan
  2. XML Leathanach 103
  3. XML “Na Súmairí”
  4. XML “Scéal - Bréag na hÉireann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal: Bréag na h-Eireann
    Bhí Rí ann fadó i Sasain. Bhí inghéan aige agus ní bhfuigeadh aon duine í ach an té a d'innseochadh oiread bréag dó gó gcaitfeadh an Rí trí bréag a thabhairt air. Bhi buachaill óg shíos i Gaoth-Dóbhair agus chá dean sé gach aríamh ach ag buachailleacht gabhar. Bhaist siad Billí na nGabhar air. Nuair athainic sé isteach oidhche amain, dubhairt sé lena mhathair: "Rachaidh mé chun aonaigh amaireach agus diolfaid mé oiread de na gabhar agus ceanneochas culaidh úr damh. Rachaidh mé anonn go Sasain agus fiachaidh me inghéan an Riogh a bhaint"
    Bhí tú i dtólamh amaideach agus tá tú ag eirigh níos measa. Chuaidh Billí chun aonaigh agus dhíol sé na gabhair. Chuaidh sé go Sasain agus chuaidh sé isteach igcathair an Riogh. D'eirigh an Riogh agus craith sé lamh leis. Shíl sé gur Prionnsa as Eirinn a bhí ann. Fuair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0852: The Hero Forces the Princess to Say, “That is a Lie.”
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Mac Ailin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Feidhilimidh Ó Cuinn
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Clochán, Co. Dhún na nGall