Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé a shuipear agus chuaidh sé a luighe. D'eirigh sé ar maidín agus fuair sé a bhricfeasta. Thug an Rí amach é agus thaisbean sé cruach monadh do. D'fiafruigh sé dó, ar bhfaca sé cruach monadh in Eirinn comh mór leithe sin
Dubhairt Billí go bfaca sé cruach ag a athair agus nuair a rachadh [< rachfadh?] na cearca suas ar a mullach, bheadh siad ag piocadh na reultógaí o'n spéir Arsa'n Rí tá sí níos mó nó mó cruach-sa. Thaisbean sé sciobal annsin do. D'fiafruigh sé do Bhillí ar bhfaca sé sciobal go mór sin in Eirinn. Dubhairt Billi go raibh sciobal ag a athair, agus da gcuirfea cu indhiaidh gearrfhiadh ag an doras aghaidh ag eirigh greinne an lá is fuide sa bhlian, bheadh an ghrian ag dul a luighe nuair a bheadh siad ag an doras cúl. Dubhairt an Rí "Tá sé níos mó nó mó sciobal sa."
Thug sé annsin go cuibhreann coirce é. D'fiafruigh sé dó an bhfaca sé cuibhreann in Eirinn comh mór sin. Dubhairt Billí go raibh cuibhreann ag a athair a raibh coirce na hEireann uilig ag fas ann. Ghearr me fhein é, ceangal mé é agus stiuc mé é in aon lá amhain. D'eirigh mé ar maidín agus thug mé mó chorann liom agus agus [!] bhí beag uachtac agam ag toiseacht, bhí an cuibhreann comh mór sin. Chrom mé agus bhain mé sapog [?] agus crom mé arais. D'eirigh gearrfiadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Mac Ailin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Feidhilimidh Ó Cuinn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Clochán, Co. Dhún na nGall