Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Rí agus chraith sé lamh le Billí. Dubhairt Billí gur Prionnsa Óg as Éirinn é Fuair sé a shuipear agus chuaidh sé a luighe. Deirigh sé ar maidín agus fuair sé a bhricfeasta.
Thug an Rí amach é agus thaisbean sé cruach monadh do. Chuir sé ceist ar Bhillí ar bhfaca sé cruach monadh in Éirinn gó mór sin.
Dubhairt Billí go bhfaca sé cruach ag a athair, agus nuair a rachadh na cearca suas ar a mhullach go mbheadh síad ag piocadh na reultógaí. Ó ars an Rí tá sin níos mó nó mó ceannsa.
Thaisbean sé sgiobal do annsin. D'fhiafruigh sé do Bhillí an raibh sgioball comh mór sin in Éirinn. Dubhairt Billí go raibh sgioball ag a athair, agus da dtosochadh cú agus gearrfhiadh ag an doras aghaid ag eirigh greine bheadh an ghrían ag dul a luighe, nuair a bheadh síad ag an doras cúl
Dubhairt an Rí "Tá sin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Mac Ailin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)