Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Árd Leathan
- XML Leathanach 455
- XML “Lucht Siúil”
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag anChlochan ag tarraingt ar na Gleanntaí. Bhí Éibhlín ag an Chlochan an lá ceadhna agus chuaidh sí isteach sa traen. Tháinig an fear a bhí le posádh amach ag na Gleanntaí agus tháinig Éibhlín amach fosta. Lean sí é go teach an phobal, agus nuair a bhí an lánamhain pósta, lean Éibhlín iad go teach osta agus thug lucht na bainse neart le h-ól duithe. Annsin lean sí iad go teach na bainse agus thug siad neart le h-ithe agus le h-ól duithe annsin. D’fán sí acu go maidín ag troid agus ag cainnt, nuair a bhí lucht na bainse ag imteacht ar maidín d’imthigh Éibhlín.
Seanscéal
“Bhí baintreabhach ann uair amháin agus bhí inghean amháin aici. Ní leigfeadh an mháthair d'on cailín rud ar bith a dhéanamh.”
Sean - Sgéal.Bhí baintreabhach ann uair amháin agus bhí inghean amháin aici. Ní leigfeadh an mháthair d’on cailín rud ar bith a dhéanamh. Nuair a bhí an mháthair ag éirigh sean ní raibh sí ábalta an obair uilig a dhéanamh agus thoisigh sí ag iarraidh uirthí cuidiughadh leithí an obair a dhéanamh. Ní dhéanfadh an inghean obair ar bith duithí. Lá amháin thug an mháthair bualadh maith duithe. Thoisigh an cailín ag caoineadh bhí mac an Rí ag gabhail an bhealaigh agus nuair a mhothuigh sé an cailín ag caoineadh tháinig sé chun toighe, agus d’fhiafruigh sé ca tuige a rabh an cailín ag caoineadh. Dubhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Nic Ghloinn
- Inscne
- Baineann